← Mhothaigh Jimmy i gcónaí ciontach nuair a chuaigh sé a dh'ól lena chomrádaithe tráthnóna Dé hAoine nuair a bheadh obair na seachtaine déanta acu; agus ba mhíle ba mheasa é ó tháinig an cúpla ar an tsaol sé mhí ó shin. 🔊✎
← Ar ndóigh ba Sarah ba chúis le é a leanstan den chruinniú sheachtainiúil seo. 🔊✎
← B'éigean do Jimmy tarrtháil a thabhairt air agus geallstan don gaffer go gcoinneodh sé ag gabháil mar ba cheart é. 🔊✎
← Chóir a bheith go dtiocfadh leis a boladh a chur, ach a Dhia, chomh mór agus ba mhaith leis a lámha a chur thart uirthi agus luí aici. 🔊✎